An bhfuil post á lorg agat san Eoraip gan a fhios a bheith agat cá háit ar féidir tosú? Ar an leathanach le haghaidh nodanna agus leideanna seo is féidir leat comhairle chabhrach a fháil maidir le gach rud, idir CV foirfe a chruthú agus ullmhú le haghaidh do chéad agallaimh eile. Is cuma cé acu atá tú díreach ag tosú amach ar do chonair ghairme nó ag iarraidh do ghairm bheatha a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile, is féidir leat an méid is gá duit a dhéanamh chun seasamh amach ón slua a aimsiú anseo. Leim isteach agus faigh amach conas is féidir leat do chuardach poist a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos rathúla!
Nodanna agus leideanna is déanaí

An bhfuil imní ort mar gheall ar mheastóireacht feidhmíochta oibre atá le déanamh agat? Lean ort ag léamh chun a fháil amach conas is féidir leat déileáil leis na hábhair atá ag déanamh imní díot agus rath a bheith ort.

D’aistrigh Darren Kelly ó Éirinn chun na Gearmáine mar chéimí nua a raibh sé mar aidhm aige oibriú i dtionscal na gcluichí. Anois ó tharla gur príomhfhorbróir é a bhfuil taithí deich mbliana aige, tá sé beartaithe aige filleadh ar Éirinn chun tús a chur lena ghnó féin.

B’fhéidir go mbeadh sé ní b’éasca agus ní ba luachmhaire do chuardaitheoirí poist atá ag lorg oibre díriú ar phoist a bhfuil éileamh orthu.
Tacaíocht shaincheaptha de dhíth ort? Déan teagmháil le Comhairleoir EURES

Is iad Comhairleoirí EURES do shaineolaithe ar shoghluaisteacht an lucht saothair, atá réidh chun tacú leat agus tú ag cuardach poist san Eoraip. Ta siad oilte ó thaobh cuardaitheoirí poist a threorú trí gach céim dá gcuardach poist, agus cuireann siad comhairle phraiticiúil, dhlíthiúil agus comhairle i dtaobh riaracháin ar fáil duit maille leis sin. Tá a foireann féin de Chomhairleoirí EURES ag gach tír EURES, agus is féidir leat duine díobh a aimsiú go furasta i do thír féin ach cliceáil anseo. Ina theannta sin, reáchtálann Comhairleoirí EURES ó thíortha éagsúla plé ar líne gach seachtain. Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun páirt a ghlacadh sna seisiúin seo, féach ar ‘Déan comhrá le Comhairleoirí EURES’.
Cruthaigh do CV agus do litir chumhdaigh

Is féidir CV éifeachtach agus litir chumhdaigh a bheith ina bpríomhuirlisí agus tú ag cuardach poist! Is uirlis é Europass a ligeann duit CVanna agus litreacha cumhdaigh a chruthú chun do scileanna agus do cháilíochtaí san Eoraip a chur in iúl go héifeachtach. Cuireann an Coimisiún Eorpach an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce agus in 31 teanga éagsúil.
Glac an chéad chéim eile ó thaobh na foghlama de nó i do ghairm bheatha
- Le Europass, moltar duit an chéad chéim eile a ghlacadh ó thaobh na foghlama de nó i do ghairm bheatha tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Cuidíonn sé leat machnamh a dhéanamh ar na scileanna agus ar an taithí atá agat faoi láthair;
- Deiseanna foghlama agus fostaíochta saincheaptha agus iontaofa a chur ar fáil duit ar fud na hEorpa;
- Simpliú a dhéanamh ar chur le chéile CVanna agus litreacha cumhdaigh le teimpléid ineagarthóireachta;
- Faisnéis chruinn a chur ar fáil duit maidir le deiseanna oibre agus foghlama san Eoraip;
- Naisc a thabhairt chuig líonraí tacaíochta iomchuí.
Leis sin, tacaíonn an Coimisiún Eorpach leat barr do chumais a bhaint amach agus deiseanna a aimsiú ar fud na hEorpa a oireann do do scileanna agus do thaithí.